Tá Cumann na nGnónna Beaga tar éis aighneacht a chur faoi bhráid an Rialtais ag iarraidh nach dtiocfadh aon ardú sa mBuiséad ar an íosphá náisiúnta le cuidiú le gnóluchtaí beaga an méadú ar chostas oibre a sheasamh.
Ina n-aighneacht roimh an mBuiséad deir an Cumann go bhfuil géarghá le stad a chur leis an ardú is deirní atá molta ag an gCoimisiún um Phá Íseal ar mhaithe le fiontair bheaga a choinneáil ag imeacht.
Mí Iúil mhol an Coimisiún 5.6% d'ardú ar an íosphá, rud a d'ardódh an ráta 79c in aghaidh na huaire, ó €14.15 san uair go €14.94.
Deir an Cumann go bhfuil an t-íosphá tar éis ardú ó €9.15 i 2016 go €14.15 i mbliana.
"Sin 54.6% d'ardú ar an íosphá, tráth gur ardaigh an Praghas Innéacs Tomhaltóirí (an ráta boilscithe) thart ar 25%" a deir Cumann na nGnónna Beaga.
Deir Stiúrthóir an Chumainn David Broderick gur mór an méid sa gcómhthéasc sin ardú eile de 79 cent san uair.
"Tuigeann gach úinéir ar ghnó beag gurbh iad a lucht oibre na sóchmhainní is luachmhaire atá acu, ach baineann sé seo leis an iomlán carnach costais".
Deir David Broderick gurbh í an phá an costas is mó ar ghnó beag, níos airde fiú ná costas fuinnimh, agus deir sé nach mór d'aon ardú ar an bpá a bheith comhchéim le ardú ar tháirgiúlacht.
"Leis an ardú ar chuile chineál costais le blianta beaga anuas, agus leis an athrú sa dlí ar phá tinnis, agus le rollú uathoibríoch i gciste pinsin...tá an iomarca ag teacht in aon iarraidh amháin ar lucht gnó atá ag feidhmiú ar chorrlach fíor-chaol mar atá".
Níl aon neart ag an oibrí ar phá íseal ar an nganntan tithíochta sa tír a deir sé "ach ní leigheas é gnó beag a leachtú ar an ngéarchéim tithíochta".
Tá Suzanne Rogers, Anailísí Polasaí agus Taighde le Cóir Shóisialta na hÉireann, tar éis a rá go bhfuil "an t-íosphá náisiúnta ar 40 uair a chloig oibre sa tseachtain €50 níos ísle ná an phá maireachtála, mar sin tá daoine ag obair ar feadh na seachtaine agus gan iad fós in ann greim a choinneáil faoin bhfiacail".
Tá Cónaidhm na gCeardchumann an ICTU ag iarraidh go dtiocfadh €1 d'ardú ar an íosphá, "infheistiú cheart san lucht oibre a choinníonn an tír ag feidhmiú".


