Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Easpa tithíochta: teaghlaigh aontuismitheora thíos leis go mór

22 MEÁN FÓMHAR 2026, 12:22

Deirtear i dtuarascáil ó One Family nach bhfuil sé d'acmhainn ag a lán tuismitheoirí a d'fhulaing foréigean baile áit chónaithe nua a fháil
Twitter Facebook

Tá sé ráite ag an gcarthanas One Family go bhfuil an ghéarchéim tithíochta ag cur anró ar theaghlaigh aontuismitheora agus gur ag dul in olcas atá an t-anró sin.

I dtuarascáil bhliantúil an charthanais, tarraingítear aird ar chruachás tuismitheoirí atá fós ina gcónaí lena n-iarpháirtí mar nach bhfuil sé d'acmhainn ag ceachtar acu áit nua a fháil.

Fiú amháin, daoine a d'fhulaing foréigean baile agus a fuair áit chónaithe nua ar bhonn sealadach, b'éigean dóibh filleadh ar an tseanáit agus ar an mbearna bhaoil cheal acmhainne, a deirtear.

Tugtar le fios sa tuarascáil freisin go raibh "méadú ollmhór" ar an líon tuismitheoirí a bhí sna cúinsí sin a d'iarr cabhair ar an gcarthanas anuraidh.

Mar bharr ar an donas, tá na cúinsí maireachtála sin ag dul i gcion go mór ar fhorás a gclann, de réir na tuarascála.

Naíonáin agus leanaí atá ina gcónaí i lóistín éigeandála ar feadh i bhfad, deirtear go bhfuil siad chun deiridh ar a gcomhaoisigh i dtaca le forbairt a gcuid scileanna oll-luaile, scileanna lena n-áirítear siúl, rith, léim, ceapadh, ciceáil agus staidiúir.

Ina theannta sin, deir One Family nach bhfuil an scéal ar fad sna figiúirí oifigiúla mar go bhfuil líon suntasach teaghlach aontuismitheora ag stopadh le daoine muinteartha agus le cairde seachas i lóistín éigeandála.

Tá One Family ag impí ar an Rialtas tacaíochtaí breise airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh aontuismitheora sa Bhuiséad an mhí seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ