Tá 68% d'aosaigh óga in Éirinn ag smaoineamh ar dhul chun cónaí i dtír eile mar nach bhfuil siad sásta leis an gcaighdeán maireachtála sa tír seo, de réir suirbhé nua ó Chomhairle Náisiúnta na nÓg.
Daoine idir 18-24 bliain d'aois na haosaigh óga atá i gceist.
Tithíocht inacmhainne agus inacmhainneacht ghinearálta is mó atá ag déanamh imní d'aosaigh óga in Éirinn, mar a léiríodh i suirbhéanna a rinneadh cheana, ach dealraíonn sé go bhfuil níos mó imní orthu faoi chúrsaí fostaíochta anois ná mar a bhí roimhe seo.
Dúirt 90% de na haosaigh óga le lucht an tsuirbhé go bhfuil sé ag éirí níos deacra post seasmhach le pá maith a fháil agus creideann 70% díobh gur in olcas a rachas an scéal mar gheall ar Intleacht Shaorga.
Thug 83% de na daoine óga le fios gur mhaith leo go ndéanfadh an Rialtas rialáil níos láidre ar Intleacht Shaorga.
Costais iompair agus meabhairshláinte, tá siad i measc na n-údar eile imní atá ag aosaigh óga, mar a bhí sa suirbhé deireanach.
Ní chreideann ach 17% díobh go bhfuil an Rialtas ag déanamh a ndóthain le cuidiú leo teacht tríd an ngéarchéim costas maireachtála.
Is 1,010 aosach óg a ghlac páirt sa suirbhé agus tá Comhairle Náisiúnta na nÓg ag achainí ar an Rialtas a bhfuil ann a chur san áireamh sa Bhuiséad an mhí seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


