Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'30 ball gníomhach ag an bhFíor-IRA aimsir bhuamáil na hÓmaí'

22 MEÁN FÓMHAR 2026, 13:22

Maraíodh 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, i mbuamáil na hÓmaí ar an 15 Lúnasa 1998
Twitter Facebook

Bhí thart ar 30 ball gníomhach ag an bhFíor-IRA aimsir bhuamáil na hÓmaí i 1998, 90 ball san iomlán, a dúirt saineolaí ar easaontóirí poblachtacha ag an bhfiosrúchán poiblí faoin mbuamáil inniu.

Maraíodh 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí fágtha ag an bhFíor-IRA i lár na hÓmaí i gCo Thír Eoghain tráthnóna Dé Sathairn an 15 Lúnasa 1998.

Iarbhaill den IRA Sealadach ab ea formhór bhaill an Fhíor-IRA, eagraíocht a bunaíodh an bhliain roimhe sin.

Ag an bhfiosrúchán poiblí faoin mbuamáil inniu, dúirt an Dr John Morrison ó Ollscoil Mhá Nuad cé gur líon beag ball den IRA Sealadach a chuaigh i bpáirt leis an bhFíor-IRA gur dhaoine iad cuid mhaith acu a raibh saineolas acu ar airm.

Dar leis an Dr Morrison, bhí daoine áirithe san Fhíor-IRA arbh fhearr leo ionsaithe a dhéanamh ar fhórsaí míleata na Breataine ach bhí daoine eile ann, Liam Campbell ina measc, arbh fhearr leo áiteanna a ionsaí le buamaí i ngluaisteáin.

Ba é an aidhm a bhí leis an bhfeachtas buamála, arsa sé, an bonn a bhaint den phróiseas síochána le súil go dtarraingeodh aontachtaithe amach as agus go bhfaigheadh na heasaontóirí smacht ar an IRA Sealadach an athuair.

Mhaígh an Dr Morrison freisin go ndeachaigh Liam Campbell i gcomhar leis an IRA Leanúnach agus leis an INLA.

Dúradh cheana ag an bhfiosrúchán cé gurbh iad an Fíor-IRA a bhí freagrach as buamáil na hÓmaí gur chuidigh an tIRA Leanúnach leo an t-ionsaí a dhéanamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ