Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Níl tuilleadh agóidí breosla as an áireamh' – tarlóirí

22 MEÁN FÓMHAR 2026, 15:09

Dúradh gur
Twitter Facebook

Tá sé ráite ag uachtarán Chomhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann nach bhfuil tuilleadh agóidí náisiúnta faoi praghas díosail curtha as an áireamh ag na baill.

Bhí cruinniú ag Ger Hyland leis an Aire Airgeadais, an Tánaiste Simon Harris, i mBaile Átha Cliath ar maidin inniu leis an scéal a phlé.

I ndiaidh an chruinnithe, thug Ger Hyland le fios gur "plé bríomhar" a bhí ann agus dúirt gur fhéach sé le cur ina luí ar an Tánaiste breis tacaíochtaí breosla a chur ar fáil do na tarlóirí sa Bhuiséad an mhí seo chugainn.

Dúirt Ger Hyland freisin cé nár gheall Simon Harris aon ní dó gur thuig sé ón méid a dúirt an Tánaiste nach n-ardófaí na dleachtanna a ghearrtar ar bhreosla ó thús mhí na Samhna mar atá beartaithe faoi láthair.

Mar sin féin, arsa Ger Hyland, dúirt Simon Harris leis go raibh an Buiséad fós á dhréachtú agus nach raibh aon chinneadh déanta fós maidir le cúrsaí breosla.

Laghdaíodh na dleachtanna i mí Aibreáin seo caite i bhfianaise agóidí móra náisiúnta a d'eagraigh tarlóirí agus grúpaí eile.

Ba iad na hionsaithe a rinne na Stáit Aontaithe agus Iosrael ar an Iaráin i ndeireadh Feabhra ba chúis leis an ardú as cuimse a tháinig ar phraghas breosla ag an am.

Chuir na hagóideoirí isteach ar dháileadh breosla as ionaid éagsúla ar fud na tíre agus shocraigh an Rialtas ar bheartais tacaíochta shealadacha a thabhairt isteach le dúil an chorraíl a mhaolú agus cuidiú le gnóthais a bhí i mbaol de bharr costas breosla a bheith chomh hard.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ