Cailleann othair ailse thart ar €16,200 dá n-ioncam bliantúil de bharr an galar a bheith orthu, a deirtear i dtuarascáil nua ó Chumann Ailse na hÉireann.
Chomh maith leis na costais bhreise éagsula atá ar othair ailse, cailleann siad sciar suntasach dá bpá nuair nach bhfuil siad in araíocht tabhairt faoina gcúraimí oibre, de réir suirbhé a rinneadh thar ceann an charthanais.
Fuarthas amach go gcaitheann othair ailse suas le €400 sa mhí ar chóireáil leighis, lena n-áirítear coinní le dochtúir teaghlaigh agus oidis.
Ina cheann sin, caitheann siad suas le €300 gach mí ar bhreosla, ar tháillí páirceála agus ar dholaí bóthair.
Fágann sin, i gcásanna áirithe, nach bhfuil dóthain airgid fanta ag othair ailse lena dteach a théamh, cuir i gcás, nó le hiasachtaí a aisíoc agus is ag brath ar a gcuid coigilteas atá go leor acu le go mbeadh riar a riachtanais acu.
Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt príomhfheidhmeannach Chumann Ailse na hÉireann Nikki Gallagher go ndeir othair ailse go minic gurb é an t-ualach airgeadais an chuid is measa dá gcás.
Tá an carthanas ag iarraidh ar an Rialtas trí bheartas faoi leith a thabhairt isteach sa Bhuiséad an mhí seo chugainn le tacú le hothair ailse, mar atá, iad a bheith i dteideal cárta leighis gan tástáil maoine; tairseach na scéime íocaíochta drugaí a ísliú ó €80 go €40; agus an liúntas breosla agus sochair ábhartha eile a chur ar fáil dóibh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


