Na bealaí is fearr chun dul i ngleic le tiomáint sa treo mícheart an cheist is mó atá á phlé ag éisteacht de Choiste um Iompar an Oireachtais inniu.
Is le tuairimí na saineolaithe a fháil a tháinig an coiste le chéile i bhfianaise na tubaiste bóthair i gCo Chill Dara an mhí seo caite inar maraíodh cúigear ógánach agus inar gortaíodh go dona ceathrar eile ón teaghlach céanna.
Dúirt feidhmeannach sinsearach ó Bhonneagar Iompair Éireann leis an gcoiste nach raibh aon bhealach amháin ann chun dul i ngleic le tiomáint sa treo mícheart agus gur roinnt bealaí éagsúla a bhí de dhíth.
Thug Pat Maher le fios cé go bhféadfadh leasuithe ar leagan amach bóithre an chontúirt a mhaolú nár leor iad.
Má tá rún daingean ag duine tiomáint sa treo mícheart is beag is féidir a dhéanamh lena chosc, arsa sé.
Fadhb shochaíoch atá ann sa mhéid sin, beag beann ar innealtóireacht bóthair agus ar theicneolaíocht, a dúirt sé.
Dúirt sé freisin nár mhór na dlíthe ábhartha a chur i bhfeidhm [go honnghníomhach] agus leas a bhaint as cumhacht bhactha [na gcúirteanna].
Thug Pat Maher le fios chomh maith go bhfuil Bonneagar Iompair Éireann ag cuimhneamh ar chóras rabhaidh néalbhunaithe a thabhairt isteach.
D'fhéadfadh córas mar é fógra práinneach a thabhairt don té atá ag tiomáint sa treo mícheart agus do thiománaithe na bhfeithiclí atá teacht ina choinne.
Obair mhór a bheadh ann a leithéid de chóras a thabhairt isteach, áfach, arsa Pat Maher, ó tá 200 acomhal agus 800 bealach isteach agus bealach amach ar mhótarbhealaí an Stáit.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


