Dúirt ceannasaí domhanda sábháilteachta TikTok le Coiste Meán an Oireachtais gur uaslódáileadh ar an ardán in Éirinn le mí anuas 1,600 mír físe agus íomhá inar taispeánadh tiomáint chontúirteach, gadaíocht gluaisteán nó mí-iompar eile den chineál céanna.
Thug Zachary Hecht le fios, más ea, nach catagóir ann féin tiomáint chontúirteach i bpolasaí sábháilteachta an ardáin agus go rangaítear é i measc gníomhaíochtaí contúirteacha eile.
Dúirt sé freisin gur baineadh anuas den ardán sa chéad leath den bhliain seo in Éirinn 42,000 mír físe agus íomhá de ghníomhaíochtaí contúirteacha éagsúla.
Ní mór a chur san áireamh, arsa Zachary Hecht, go bpostáiltear 400,000 mír ar TikTok in Éirinn gach aon lá.
Is i ndiaidh na tubaiste bóthair i gCo Chill Dara an mhí seo caite a dúirt sé a rinne TikTok anailís ar na míreanna físe agus na híomhánna a bhain le tiomáint chontúirteach amháin.
Is leis sin a dheimhnigh an comhlacht gur uaslódáileadh 1,600 mír físe agus íomhá den chineál sin sa chéad leath den bhliain, a dúirt sé.
Mhaígh Zachary Hecht nach raibh aon ghlacadh le hábhar mar é ar TikTok agus dúirt sé go raibh acmhainní breise curtha ar fáil ag an gcomhlacht chun dul i ngleic leis an bhfadhb, idir acmhainní daonna agus acmhainní teicneolaíochta.
Maraíodh cúigear ógánach nuair a bhuail a ngluaisteán a bhí á tiomáint sa treo mícheart gluaisteán eile ar mhótarbhealach an M9 i gCo Chill Dara go moch ar maidin an 16 Lúnasa.
Chomh maith leis an gcúigear a maraíodh, gortaíodh go han-dona triúr ban agus buachaill óg ón teaghlach céanna a bhí sa ghluaisteán eile.
Thug TikTok le fios go gairid ina dhiaidh sin go raibh siad ag déanamh grinnmhonatóireachta ar ábhar a bhain leis an tubaiste.
Dúirt Coimisiún na Meán ag an am go raibh siad ag lorg tuilleadh eolais ar TikTok faoi mhíreanna físe agus íomhánna de dhaoine ag tiomáint go contúirteach a bheith le feiceáil ar an ardán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


