Tá fear 31 bliain d'aois a cúisíodh in ionsaí scine a dhéanamh ar fhear i mBéal Feirste i dtús an tsamhraidh le cur ar a thriail faoi iarracht ar dhúnmharú.
Sin é Hadi Alodid, as Ascaill Dhún an Chairn in iarthar Bhéal Feirste, a tháinig os comhair cúirte sa chathair sin ar nasc físe ar maidin inniu.
Tá sé cúisithe in iarracht a dhéanamh ar Stephen Ogilvie a dhúnmharú i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 8 Meitheamh.
Gearradh go dona Stephen Ogilvie san ionsaí agus tá sé ar leathshúil anois mar gheall air.
Gortaíodh go dona é freisin sa cheann, san éadan agus sa droim.
Chomh maith leis an iarracht ar dhúnmharú, tá Hadi Alodid cúisithe i scian a bheith ina sheilbh aige agus i mbagairt a dhéanamh oibrí ospidéil a mharú.
Thug na póilíní le fios cheana go mb'fhéidir gurb as Poblacht Shead Hadi Alodid ó dhúchas agus is ateangaire Araibise a mhínigh imeachtaí na cúirte dó inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


