Dúirt Uachtarán na hIaráine Masoud Pezeshkian "nach n-umhlódh an Iaráin agus nach bhfeacfadh sí an ghlúin" in ainneoin a bhfuil á fhulaingt aici faoi láthair.
San óráid a thug sé uaidh i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, dúirt Masoud Pezeshkian gur a mhalairt a tharlódh agus gurbh amhlaidh a neartódh misneach mhuintir na hIaráine de thoradh na tromaíochta atáthar a dhéanamh orthu.
Thug sé le fios go raibh dóchas ag an Iaráin as an taidhleoireacht agus gurbh é sin a chuirfeadh deireadh leis an gcogadh idir í agus na Stáit Aontaithe.
Agus é ag labhairt, thaispeáin Masoud Pezeshkian pictiúr do na toscairí den scoil in Minab i ndeisceart na hIaráine inar maraíodh 150 duine – leanaí agus múinteoirí ina measc – nuair a bhuamáil aerfhórsa Mheiriceá an áit i mí Feabhra seo caite.
Dúirt na Náisiúin Aontaithe gur coir cogaidh a bhí san ionsaí.
Thaispeáin Masoud Pezeshkian pictiúr eile d'Ardcheannaire na hIaráine, Ali Khamenei, ar mharaigh na Meiriceánaigh é i mí Feabhra.
Shiúil toscaireacht na Stát Aontaithe amach as an halla a luaithe a chuir Uachtarán na hIaráine tús lena aitheasc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


