Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Tuilleadh cúiseanna maidir le héigniú curtha i leith bheirt fhear

23 MEÁN FÓMHAR 2026, 17:49

Teach Cúirte na Gaillimhe
Twitter Facebook

I gCúirt Dúiche na Gaillimhe inniu, cuireadh tuilleadh cúiseanna i leith bheirt fhear a cúisíodh roimhe seo as bean a éigniú i gcarrchlós stáisiún traenach na cathrach i dtús na míosa seo caite.

Tugadh an bheirt fhear, atá 25 bliain agus 27 bliain d'aois, os comhair Chúirt Dúiche na Gaillimhe ar maidin inniu.

Cuireadh seirbhís ateangaireachta Araibise ar fáil do na cúisithe sa chúirt.

Cuireadh dhá chúis bhreise i leith an fhir is óige den bheirt maidir le hionsaí gnéis a dhéanamh ar an bhean ag Stáisiún Traenach Cheannt ar an 1 Lúnasa.

Cúisíodh an fear is sine as ionsaí gnéis a dhéanamh ar an bhean ag Plás Victoria i nGaillimh ar an dáta céanna.

Dúradh sa chúirt nár fhreagair ceachtar den bheirt fhear nuair a cuireadh na cúiseanna ina láthair agus nuair a tugadh rabhadh dlí daofa ar maidin inniu.

Cúisíodh na fir roimhe seo as an bhean a éigniú ar an 1 Lúnasa i gcarrchlós Stáisiún Traenach Cheannt.

Cúisíodh iad fosta as an bhean a choinneáil in éadan a tola ar an láthair chéanna agus ar an dáta céanna.

Ceadaíodh cuidiú dlí saor in aisce don bheirt fhear inniu.

Níos luaithe an mhí seo, dhiúltaigh an Ard-Chúirt an t-iarratas ar bhannaí a rinne an bheirt.

Níl cead na fir a ainmniú de réir an dlí a choscann daoine atá cúisithe in éigniú a ainmniú.

Cuireadh an bheirt siar faoi choinneáil agus tiocfaidh siad os comhair cúirte arís ar nasc físe Dé Luain seo chugainn.