Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear gafa i Learpholl faoi dhúnmharú Robbie Lawlor

24 MEÁN FÓMHAR 2026, 11:20

Robbie Lawlor
Twitter Facebook

Tá fear sna daichidí gafa maidir le dúnmharú an choirpigh Robbie Lawlor i mBéal Feirste sé bliana go leith ó shin.

Gabhadh an fear i Learpholl inné agus tugadh é go Béal Feirste, áit a bhfuil sé á cheistiú ag póilíní ansin.

Baile Átha Cliathach 36 bliain d'aois ab ea Robbie Lawlor a lámhachadh agus a maraíodh i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 4 Aibreán 2020.

Bhí baint mhór ag Robbie Lawlor leis an aighneas idir dhá bhuíon coireachta i nDroichead Átha agus creideann na Gardaí gurbh é a bhí freagrach as dúnmharú an ógánaigh Keane Mulready-Woods i mí Eanáir 2020.

Seacht mbliana déag a bhí Keane Mulready-Woods ar gearradh a chorp ina phíosaí agus ar fágadh iad in áiteanna éagsúla i gCo Lú agus i mBaile Átha Cliath.

Creideann na Gardaí freisin go ndeachaigh Robbie Lawlor go Béal Feirste mar go raibh faitíos air go n-ionsófaí é dá bhfanfadh sé ar an taobh ó dheas den teorainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ