Tá gearán déanta ag príomh-aire na hAstráile Anthony Albanese leis an gcomhlacht intleachta saorga OpenAI faoin haiceáil a rinne inneall próiseála de chuid an chomhlachta sin ar shuíomh gréasáin le rialtas na hAstráile.
Tá sé tagtha chun solais go ndearna an t-inneall próiseála an haiceáil as féin agus é á nua-oiriúnú i dtús an tsamhraidh.
D'iarr an t-inneall cead isteach sa chuid sin den suíomh gréasáin ina gcoinnítear staidreamh sláinte agus nuair a diúltaíodh é thug sé neamhaird ar threoracha sábháilteachta agus rinne an haiceáil.
Is cosúil, más ea, nach raibh teacht ag an inneall bradach ar shonraí pearsanta daoine.
Mar bharr ar an olc, áfach, níor inis OpenAI an scéal do rialtas na hAstráile go dtí coicís ó shin nuair a sheol an comhlacht ríomhphost chuig bosca ríomhphoist ginearálta an rialtais, bosca ríomhphoist nach gceadaítear ach uair sa ló.
Dúirt Anthony Albanese gur údar mór imní a bhí sa scéal ar fad agus dhearbhaighs sé gur chuir sé a mhíshástacht in iúl do phríomhfheidhmeannach OpenAI Sam Altman.
Is le OpenAI an aip intleachta saorga ChatGPT.
Cíoradh cúrsaí intleachta saorga i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac le cúpla lá, go háirithe ceist na rialála idirnáisiúnta agus an cumas atá ag innill imeacht ó smacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


