Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Buamáil na hÓmaí: eolas faoi charr tugtha ag Gardaí don RUC

24 MEÁN FÓMHAR 2026, 12:24

Buamáil na hÓmaí, 15 Lúnasa 1998
Twitter Facebook

Dúirt Garda sinsearach go raibh an gluaisteán inar fágadh an buama a phléasc san Ómaigh i gCo Thír Eoghain ar an 15 Lúnasa 1998, go raibh sí ar cheann de roinnt gluaisteán goidte ar thug na Gardaí eolas fúthu do na póilíní sa Tuaisceart dhá lá roimh an mbuamáil.

Is é an Ceannfort Emmet Casserly ó Aonad Speisialta Bleachtaireachta na nGardaí a thug an méid sin le fios ar fhíseán réamhthaifeadta a seinneadh inniu ag an bhfiosrúchán poiblí faoin mbuamáil atá ar siúl i mBéal Feirste.

Maraíodh 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc an buama sa ghluaisteán a bhí fágtha i lár na hÓmaí ag an bhFíor-IRA.

Dúirt an Ceannfort Casserly gur goideadh an Vauxhall Cavalier marúin i mbaile Charraig Mhachaire Rois i gCo Mhuineacháin go moch ar maidin an 13 Lúnasa 1998.

An lá céanna, arsa sé, roinn na Gardaí áitiúla mionsonraí an ghluaisteáin lena gcomhghleacaithe sa réigiún agus leis an RUC ar an taobh eile den teorainn.

Bhí an Vauxhall Cavalier ar cheann de chúig ghluaisteán déag a goideadh sa réigiún ar thug na Gardaí eolas fúthu don RUC an lá sin, a dúirt an Ceannfort Casserly.

Dúirt sé gur gnás a bhí ann eolas faoi ghluaisteáin ghoidte a roinnt le Gardaí i gceantar na teorann agus leis an RUC.

Cuireadh uimhirphláta bréige ar an Vauxhall Cavalier sular tiomáineadh í trasna na teorann go dtí an Ómaigh lá na buamála.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ