Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Sárú ar shonraí i gcomhlacht atá bainteach le Revolut

24 MEÁN FÓMHAR 2026, 15:29

Dúirt Revolut go bhfuil cuntais a gcustaiméirí slán sábháilte
Twitter Facebook

Tá custaiméirí Revolut in Éirinn i measc na ndaoine atá thíos leis de bharr sárú ar shonraí a tharla i gcomhlacht tríú páirtí, DriveWealth, bróicéir a cheannaíonn agus a dhíolann scaireanna ar son custaiméirí Revolut.

Dúirt DriveWealth go raibh teacht ag gníomhaire neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta roinnt custaiméirí dá gcuid le gairid.

Ainm, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, seoladh baile agus faisnéis fostaíochta na sonraí a bhí i gceist, a dúradh.

D'fhéadfadh sé freisin go raibh teacht ar eolas faoi shaoránacht, faoi aois agus faoi inscne daoine, chomh maith le codanna d'uimhreacha aitheantais a gcuntas.

Thug DriveWealth le fios, más ea, nach raibh na sonraí pearsanta sin cothrom le dáta.

Dúirt Revolut nach bhfuil a fhios acu fós cé chomh tromchúiseach agus a bhí an sárú ar shonraí agus dúirt go bhfuil siad ag lorg tuilleadh eolais ar DriveWealth.

Gan an tuilleadh eolais sin a bhac, dhearbhaigh Revolut nár bhain an sárú ar shonraí le córais ná le hinfreastruchtúr Revolut féin agus dúirt go bhfuil airgead a gcustaiméirí slán sábháilte.

Seo an dara sárú ar shonraí le deich lá i gcomhlacht atá bainteach le Revolut, áfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ