Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Macklemore sa 3Arena an mhí seo chugainn

24 MEÁN FÓMHAR 2026, 15:58

Macklemore i mBaile Átha Cliath anuraidh
Twitter Facebook

Tá an rapálaí as na Stáit Aontaithe Macklemore le casadh sa 3Arena i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn mar chuid de chamchuairt nua ar son na Palaistíne atá sé a reáchtáil tar éis dó a bheith díbeartha as camchuairt Ed Sheeran.

Casfaidh Macklemore sa 3Arena ar an 26 Deireadh Fómhair, san Accor Arena i bPáras ar an 29 Deireadh Fómhair agus in Wembley i Londain ar an 30 Deireadh Fómhair.

Tá sé le casadh in ionaid éagsúla sna Stáit Aontaithe ina dhiaidh sin.

Bronnfaidh Macklemore an t-airgead ar fad a shaothrós sé as an gcamchuairt nua ar charthanais a thacaíonn le Palaistínigh.

Ní dúradh fós cé na haoicheoltóirí a bheas páirteach sa chamchuairt.

Ghlac Macklemore páirt in dhá cheolchoirm sa chamchuairt atá Ed Sheeran a thabhairt ar na Stáit Aontaithe faoi láthair a ach díbríodh é as an gcuid eile ar iarratas an toicí Robert Kraft mar gheall ar a ndúirt sé ar an stáitse maidir le Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ