San aitheasc a thug sé uaidh i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac aréir, cháin an Taoiseach Micheál Martin ceannairí polaitíochta an domhain as loiceadh ar an bPalaistín, mar a dúirt sé.
Mhaígh an Taoiseach go mbeidh an domhan náirithe nuair a nochtfar ar deireadh agus ina n-iomláine na huafáis a rinneadh in Gaza agus atá á ndéanamh ann i gcónaí.
Gheobhfar léargas is grinne ar chúis na náire nuair a bhaileofar an fhianaise agus nuair a chloisfear na scéalta léanmhara, a dúirt sé.
Cháin Micheál Martin freisin an plean síochána do Gaza a fógraíodh bliain go ham seo ach nach bhfuil athrú chun feabhais tagtha ar an saol ansin idir an dá linn, a dúirt sé.
Tharraing sé aird ar an gcinedhíbirt a dúirt sé atá ar bun ag Iosrael sna críocha Palaistíneacha, ar dlúthchuid é den iarracht atá rialtas Iosrael a dhéanamh lena chinntiú nach mbunófar stát Palaistíneach go brách, dar leis.
Tá Palaistínigh á ndíbirt as a gcríocha féin le lámh láidir, tá a maoin á scriosadh agus tá cead a gcinn ag na háitritheoirí Iosraelacha atá freagrach as, a dúirt an Taoiseach.
Cé go bhfuil formhór thíortha an domhain tosaithe ar iompú in aghaidh na n-áitritheoirí, arsa sé, tá an t-am á chaitheamh go tréan.
Chomh maith le ceist na Palaistíne, labhair an Taoiseach ina aitheasc ar an gcoimhlint idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin.
D'iarr sé ar an dá thír sin dul i mbun idirbheartaíochta an athuair le dúil an choimhlint a réiteach.
Cháin sé an Iaráin as corraíl polaitíochta a chothú sa Mheánoirthear agus dúirt gur den riachtanas é nach mbeadh arm núicléach ag an Iaráin go brách.
Labhair an Taoiseach freisin ar na cogaí san Úcráin agus sa tSúdáin, ar an leatrom atáthar a dhéanamh ar mhná san Afganastáin agus ar an imní atá air faoin gcaoi a bhfuiltear ag caitheamh le daoine LADTAI+ ar fud an domhain.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


