Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear cúisithe i ndúnmharú Robbie Lawlor i mBéal Feirste

25 MEÁN FÓMHAR 2026, 12:11

Robbie Lawlor
Twitter Facebook

Tugadh fear 41 bliain d'aois os comhair cúirte i mBéal Feirste inniu agus é cúisithe i ndúnmharú an choirpigh as Baile Átha Cliath Robbie Lawlor i dtuaisceart Bhéal Feirste sé bliana go leith ó shin.

Sin é Paul Drew, as Páirc an tSrutháin Ghil i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath, ar gabhadh é i Learpholl i Sasana arú inné.

Tá Paul Drew cúisithe freisin in arm tine a bheith ina sheilbh aige agus é ar intinn aige beatha a chur i mbaol nó díobháil thromchúiseach a dhéanamh do mhaoin.

Ní dúirt an cúisí aon ní sa chúirt thar a ainm agus a shloinne a dhearbhú.

Dúirt bleachtaire sa chúirt go raibh an leabhar fianaise fós á réiteach ag na póilíní agus go raibh fiosruithe ar bun acu "faoi íomhánna ó cheamaraí slándála agus faoi theileachumarsáid".

Cuireadh Paul Drew siar faoi choinneáil agus tiocfaidh sé os comhair na cúirte arís ar an Luan nuair a éistfear a iarratas ar bhannaí.

Lámhachadh agus maraíodh Robbie Lawlor, a bhí 36 bliain d'aois, i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 4 Aibreán 2020.

Bhí baint mhór aige leis an aighneas idir dhá bhuíon coireachta i nDroichead Átha agus creideann na Gardaí gurbh é a bhí freagrach as dúnmharú an ógánaigh Keane Mulready-Woods i mí Eanáir 2020.

Seacht mbliana déag a bhí Keane Mulready-Woods ar gearradh a chorp ina phíosaí agus ar fágadh iad in áiteanna éagsúla i gCo Lú agus i mBaile Átha Cliath.

Creideann na Gardaí freisin go ndeachaigh Robbie Lawlor go Béal Feirste mar go raibh faitíos air go n-ionsófaí é dá bhfanfadh sé ar an taobh ó dheas den teorainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ