Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cead ag an Ord Oráisteach máirseáil trí Bhóthar Gharbhachaidh

25 MEÁN FÓMHAR 2026, 15:51

Níor ceadaíodh don Ord Oráisteach máirseáil trí Bhóthar Gharbh Achaidh le 28 bliain
Twitter Facebook

Den chéad uair le 28 bliain, tá cead tugtha ag Coimisiún na bParáidí don Ord Oráisteach máirseáil trí cheantar náisiúnach Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin i dtuaisceart Chontae Ard Mhacha.

Is gearr an fógra é do gach dream atá bainteach leis an gcúis, más ea, ós é an Domhnach beag seo, arú amárach, atá an pharáid le bheith ar siúl.

Is faoi réir coinníollacha áirithe a ceadaíodh an pharáid, a dúradh i ráiteas a d'eisigh an cúigear Coimisinéirí go gairid tar éis am lóin inniu.

Mar leis na coinníollacha sin, tugadh le fios sa ráiteas nach mbeadh cead ag níos mó ná 35 ball den Lóiste Oráisteach áitiúil páirt a ghlacadh sa pharáid; nach mbeadh cead ag aon bhannaí ceoil a bheith páirteach ann; nach mbeadh cead ag aon duine lucht na paráide a thionlacan; go gcaithfí tús a chur leis an bparáid ag séipéal Dhroim Crí ag 8 a chlog ar maidin; agus go gcaithfeadh an pharáid scor i lár Phort an Dúnáin faoi 9.30.

Tá coinníollacha eile ann chomh maith i dtaca le bratacha, le meirgí agus le suaitheantais, agus le rudaí nach iad.

Dúradh go ndearna na Coimisinéirí an cinneadh tar éis dóibh dul os cionn staidéir ar an bhfaisnéis ar fad a bhí ar fáil dóibh agus de réir na reachtaíochta cuí sa Tuaisceart, lena n-áirítear an tAcht um Paráidí Poiblí 1998 agus an tAcht um Chearta Daonna 1998.

Níor cheart breathnú ar an gcinneadh, a dúradh, mar bhua do thaobh amháin ná mar dhíomua do thaobh eile.

Is é Breandán Mac Cionnaith príomh-urlabhraí chónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh agus dúirt sé gur baineadh siar astu nuair a chuala siad an scéala agus thug sé le fios go bhfuil an-fhearg orthu chomh maith.

Dúirt sé go raibh iarratas práinneach déanta ag na cónaitheoirí ar an gcinneadh a chur ar neamhní san Ard-Chúirt i mBéal Feirste.

Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O'Neill ó Shinn Féin, cháin sí an cinneadh go láidir, á rá nach raibh aon bhunús réasúnach ná loighciúil leis.

Os a choinne sin, "más maith is mithid", a dúirt ceannaire an DUP Gavin Robinson faoin gcinneadh.

I ráiteas, dúirt an Rialtas gur "údar imní" is ea cinneadh Choimisiún na bParáidí i bhfianaise na corraíola a bhain le paráid Dhroim Crí san am a caitheadh.

Ina dhiaidh sin féin, iarradh sa ráiteas ar dhaoine "meas a bheith acu ar an bpróiseas dlíthiúil" i dtaca leis an gcinneadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ