Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Costas breosla a choinneáil faoi smacht tosaíocht an Rialtais'

25 MEÁN FÓMHAR 2026, 12:17

Méadú mór tagtha ar phraghas ola tí le bliain
Twitter Facebook

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers go bhfuil an Rialtas ag cuimhneamh ar an gcáin charbóin a ghearrtar ar ola téimh baile a laghdú sa Bhuiséad an mhí seo chugainn.

Mar sin féin, arsa Jack Chambers, ní féidir leis an Rialtas an pobal a chosaint ar gach aon athrú praghas a tharlaíonn ar fud an domhain.

Tá roghanna le déanamh, tá comhréitigh le déanamh agus ar deireadh is iad na bearta is cothroime is ceart a chur i bhfeidhm, a dúirt sé.

Faoi láthair, is thart ar €1,600 a chosnaíonn sé chun umar ola tí a líonadh, sin méadú de 59% le bliain.

Is é an choimhlint idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin is cúis leis an méadú as cuimse sin ó tá an chogaíocht ag cur isteach ar sholáthar ola ar fud na cruinne.

Mar leis an mBuiséad, agus cabhrú le daoine, dúirt Jack Chambers go bhfuil sé ag díriú ar an liúntas breosla a leasú, ar phraghas peitril agus díosail a choinneáil faoi smacht agus ar na ciorruithe ar dhleachtanna breosla a choinneáil go ceann ráithe nó dhó eile.

Tá Buiséad 2027 le fógairt seachtain ón Máirt seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ