Tá triúr fear gafa ag na Gardaí i Lios Tuathail i gCo Chiarraí faoi ionsaí brúidiúil a rinneadh ar fhear óg ar an mbaile sin aréir a bhfuil an-drochbhail air dá bharr.
Gabhadh an triúr i Lios Tuathail tráthnóna inniu.
20 bliain d'aois atá an fear a ionsaíodh agus tuigtear gur de bhunadh na háite é.
Is sa Chearnóg i lár an bhaile a ionsaíodh é idir 8.15 agus 9.15 aréir.
Gortaíodh go dona é agus thug a chairde chun an ospidéil é i ngluaisteán.
Aistríodh an fear óg go hOspidéal na hOllscoile i gCorcaigh nuair a tháinig meath air, áfach.
Cuireadh obráid air ar maidin inniu ach deirtear go bhfuil sé go han-dona tinn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


