Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

McDonald ag iarraidh ar an Taoiseach labhairt le ceardchumainn

14 DEIREADH FÓMHAR 2026, 14:12

Oibrithe i mbun picéid ag geataí Theach Laighean
Twitter Facebook

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur cheart don Taoiseach Micheál Martin "an fón a thógáil" agus idirghabháil a dhéanamh san aighneas tionsclaíoch faoi chomhaontú nua pá san earnáil phoiblí.

Tá os cionn 300,000 oibrí san earnáil phoiblí ar stailc lae inniu mar gheall ar an aighneas.

Ag labhairt di taobh amuigh de Theach Laighean, áit a bhfuil na céadta oibrí i mbun picéid, chuir Mary Lou McDonald i leith an Taoisigh go raibh sé ag dul go snaidhm an rópa leis an scéal le súil go ngéillfeadh na hoibrithe sula ngéillfeadh an Rialtas.

Dúirt sí gur dhona an mhaise don Taoiseach cleas mar é a imirt ar 300,000 oibrí.

Níos túisce inniu, thug an Taoiseach le fios go raibh ábhar dóchais sa mhéid a dúirt ceannaire an cheardchumainn Fórsa Kevin Callinan ar maidin maidir le réiteach a fháil ar an aighneas.

D'iarr Kevin Callinan ar Mhicheál Martin idirghabhálaí a cheapadh agus thug sé le fios go raibh réiteach infhaighte.

I bhfianaise chaint an cheardchumannaí, dúirt an Taoiseach go raibh súil aige nach rachadh na hoibrithe i mbun an dara stailc náisiúnta, mar atá beartaithe acu, seachtain ó inniu.

Os a choinne sin arís, ámh, cháin Kevin Callinan an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers, á rá go bhféadfaí an stailc atá ar bun inniu a sheachaint dá dtoileodh an tAire Chambers dul i mbun cainte leis na ceardchumainn am ar bith ó tháinig deireadh leis an gcomhaontú pá deireanach ceithre mhí ó shin.

Thug Kevin Callinan le fios freisin nach cúrsaí pá amháin a bhí ag déanamh imní d'oibrithe san earnáil phoiblí agus dúirt go raibh teacht chun cinn na hIntleachta Saorga, cuir i gcás, le cíoradh i gcomhráite amach anseo chomh maith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ