Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gardaí ag bailiú tuilleadh fianaise faoi dhúnmharú ceathrair

14 DEIREADH FÓMHAR 2026, 16:35

Teach mhuintir English i gCoill na Beithe inniu
Twitter Facebook

Chuardaigh na Gardaí roinnt ionad i gcathair Phort Láirge aréir mar chuid dá bhfiosrúchán faoi dhúnmharú ceathrair ón teaghlach céanna i gceantar Pháirc Eoin i ndeisceart na cathrach go moch ar maidin inné.

Maraíodh Kim English, Philip English agus a mbeirt mhac, Callum, a bhí dhá bhliain déag d'aois, agus Jayden, a bhí naoi mbliana, nuair a lasadh go mailíseach a dteach cónaithe in eastát Choill na Beithe.

Gortaíodh go han-dona a mbeirt pháistí eile, atá sé bliana d'aois agus ceithre bliana déag.

Deirtear go bhfuil an-drochbhail ar an mbeirt sin in Ospidéal na Leanbh i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath.

This composite photo shows Kim and Philip English with their sons Jayden and Callum
Kim agus Philip English, agus a mbeirt mhac Jayden (ar bharr) agus Callum

Tuigtear gur caitheadh buama peitril leis an teach agus an teaghlach ina gcodladh thuas staighre.

Tá saineolaithe na nGardaí ag scrúdú láthair an choirloiscthe arís inniu agus ag bailiú tuilleadh fianaise ann.

Creideann siad go mb'fhéidir go raibh baint ag imeaglú faoi dhrugaí leis an ionsaí.

Tuigtear gur caitheadh buama peitril leis an teach roinnt seachtainí ó shin agus rinneadh díobháil do ghluaisteán an teaghlaigh taobh amuigh den teach trí bliana ó shin.

Bhí tithe cónaithe bheirt choirpeach aitheanta i measc na n-ionad a chuardaigh na Gardaí i bPort Láirge aréir.

Labhair na Gardaí le roinnt daoine faoin ionsaí, a deir siad, ach níl aon duine gafa acu.

Beidh bigil ar son an teaghlaigh ar siúl i bPort Láirge tráthnóna inniu.

Is ag 5 a chlog a chuirfear tús leis an mbigil i Séipéal an Chroí Rónaofa sa Bhaois, gar do láthair an uafáis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ