Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Fiacha drugaí de €20,000 ba chúis le dúnmharú ceathrair'

14 DEIREADH FÓMHAR 2026, 16:38

John James English ag labhairt le RTÉ inniu
Twitter Facebook

Tá sé ráite le RTÉ ag John James English, mac le Philip English ar dúnmharaíodh é féin agus triúr eile ón teaghlach i bPort Láirge inné, gur fiacha de €20,000 a bhí amuigh ag mangaire drugaí ar dhuine eile ba chionsiocair le dúnmharú an cheathrair.

Maraíodh an ceathrar – Philip English, a bhean chéile Kim English agus beirt mhac leo – in ionsaí coirloiscthe a rinneadh ar a dteach cónaithe i gcathair Phort Láirge go moch ar maidin inné.

Gortaíodh go han-dona san ionsaí beirt pháistí eile ón teaghlach.

Tuigtear gur caitheadh buama peitril leis an teach agus an ceathrar ina gcodladh thuas staighre.

Dúirt John James English le RTÉ inniu go raibh imeaglú á dhéanamh ar an teaghlach le blianta.

Thug sé le fios go ndearnadh ionsaí buama peitril cheana ar theach a mháthar, Ann English, céad bhean chéile Philip English.

Bhí Ann English ag láthair an ionsaithe in eastát Choill na Beithe inniu, áit ar achainigh sí ar aon duine a mbeadh aon eolas ábhartha acu é a thabhairt do na Gardaí.

Mhaígh John James English go raibh a fhios aigesean cé a bhí freagrach as an ionsaí agus dúirt sé nach raibh eagla air rompu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ