Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

100 post le cailleadh in Inis Díomáin i gCo an Chláir

14 DEIREADH FÓMHAR 2026, 18:15

Tá thart ar 100 duine fostaithe i monarcha Daktronics in Inis Díomáin
Twitter Facebook

Tá sé fógartha ag an gcomhlacht as Meiriceá Daktronics go bhfuil siad chun an mhonarcha atá acu i gCo an Chláir a dhúnadh as seo go ceann bliana.

Tá thart ar 100 duine fostaithe sa mhonarcha in Inis Díomáin.

Déantar comharthaíocht dhigiteach do chomhlachtaí iompair sa mhonarcha ach deir Daktronics go bhfuil siad ag cur deireadh leis an gcuid sin den ghnó.

Is de réir a chéile a ligfear na hoibrithe chun siúil, a deir an comhlacht.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ