Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Haiceáil déanta ar dhá chuntas meán sóisialta leis na Gardaí

15 DEIREADH FÓMHAR 2026, 09:36

Baint ag cúrsaí criptea-airgeadra leis an haiceáil
Twitter Facebook

Is cosúil go bhfuil haiceáil déanta ar dhá chuntas meán sóisialta leis an nGarda Síochána.

Is iad an dá chuntas X @GardaTraffic agus @GardaInfo atá i gceist, agus dealraítear go bhfuil baint ag cúrsaí criptea-airgeadra leis an haiceáil.

Foilsíodh na scórtha postáil faoi chriptea-airgeadra ar an dá chuntas aréir.

Tá ainm @GardaInfo athraithe agus tá an suíomh atá luaite leis an dá chuntas athraithe go hAmstardam.

Níl aon ní ráite ag na Gardaí faoin scéal go fóill.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ