Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ceardchumainn le héifeacht stailc an lae inné a chíoradh

15 DEIREADH FÓMHAR 2026, 09:13

Múinteoirí ar stailc sa Nás i gCo Chill Dara inné
Twitter Facebook

Tá ceannairí na gceithre cheardchumann is mó san earnáil phoiblí le teacht le chéile inniu leis an stailc mhór náisiúnta a bhí ar bun inné a mheas agus lena gcéad bheart eile a phlé.

Fórsa, SIPTU, Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann agus Cumann Múinteoirí Éireann na ceithre cheardchumann atá i gceist.

Bhí os cionn 300,000 oibrí san earnáil phoiblí ar stailc lae idir an dá mheán oíche inné mar gheall ar aighneas faoi chomhaontú nua pá, an stailc ba mhó sa tír ó bhí géarchéim na mbanc ann.

Tráthnóna inné, thug an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers le fios go raibh "dianobair ar bun sa chúlra" agus go raibh sé dóchasach go dtiocfaí ar bhealach éigin chun cinn as seo go ceann cúpla lá.

Nuair a bheas sé sin curtha i gcrích, má bheidh, tabharfaidh sé tuilleadh eolais faoi, arsa sé.

Dúirt Jack Chambers freisin gurb é an €1.2 billiún atá leagtha amach ag an Rialtas le haghaidh comhaontú nua pá san earnáil phoiblí, gurb é sin túsphointe réiteach na cúise agus gur cheart comhráite a chur sa siúl dá réir sin.

Tá stailc lae eile beartaithe ag na hoibrithe Dé Céadaoin seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ