Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Patrick O'Donovan san aonad dianchúraim in Ospidéal Luimnigh

15 DEIREADH FÓMHAR 2026, 16:08

An tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O'Donovan
Twitter Facebook

Tá cóir leighis á chur ar an Aire Rialtais Patrick O'Donovan san aonad dianchúraim in Ospidéal na hOllscoile i Luimneach.

Tugadh Patrick O'Donovan chun an ospidéil arú inné nuair a buaileadh tinn é i gcruinniú d'airí teileachumarsáide an Aontais Eorpaigh a bhí ar siúl in Ollscoil Luimnigh.

Is é Patrick O'Donovan an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus bhí sé ina chathaoirleach ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil a tionóladh mar chuid d'uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.

Dúradh ag an am gur ceapadh gur bhain taom titeamais dó.

Sula ndeachaigh sé isteach sa chruinniú ar an Máirt, labhair sé le hiriseoirí faoin titeamas agus faoin gcaoi a dtéann an galar i gcion air.

Chaith an tAire O'Donovan seal san ospidéal sa samhradh freisin tar éis dó éirí tinn sa Bhruiséil agus é i mbun curaimí Rialtais ann.

Is dlúthchara le Patrick O'Donovan é Tom Ruddle, Príomh-Chomhairleoir Chomhairle Contae Luimnigh, agus dúirt sé go raibh gach duine sa Chaisleán Nua, áit dhúchais an Aire, ag guí ar a shon.

Bhí Patrick O'Donovan ina chomhairleoir contae i Luimneach idir 2003 agus 2011, tráth a toghadh é ina Theachta Dála den chéad uair.

Tuairiscíodh ar nuachtán ar an deireadh seachtaine go ndúirt Aire Rialtais eile ó Fhine Gael go raibh amhras ar dhaoine an bhféadfadh Patrick O'Donovan fanacht ina phost mar gheall ar a thinneas.

Cháin Patrick O'Donovan a chomhghleacaí, nár ainmníodh ar an nuachtán, á rá gur ar nós "buille san aghaidh" a bhí sa mhéid a dúirt an té sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ