Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Triúr leanaí agus múinteoir maraithe sna Stáit Aontaithe

16 DEIREADH FÓMHAR 2026, 09:47

Triúr leanaí agus múinteoir bunscoile maraithe in eachtra lámhaigh in Oregon sna Stáit Aontaithe
Twitter Facebook

Lámhachadh agus maraíodh triúr leanaí agus múinteoir bunscoile in Oregon sna Stáit Aontaithe.

Buachaill óg sé bliana déag d'aois a scaoil na hurchair i scoil náisiúnta Silver Rail Elementary atá lonnaithe i Bend in Oregon.

Maraíodh ceathrar, triúr leanaí agus múinteoir bunscoile san eachtra lámhaigh.

Bhí na leanaí a bhásaigh, cúig bliana, ocht mbliana agus aon bhliain déag d'aois.

People gather at a makeshift memorial outside the Silver Rail Elementary School following a shooting

Gortaíodh dalta eile seacht mbliana d'aois chomh maith le múinteoir scoile, 54 bliain d'aois, san eachtra agus tugadh go dtí an t-ospidéal iad chun go gcuirfí cóir leighis orthu.

Tuigtear go bhfuil drochbhail orthu.

Maraíodh an déagóir a thug faoin ionsaí nuair a scaoil ball den phobal a bhí armtha urchar leis.