Tá fear sna fichidí agus bean sna tríochaidí fós á gceistiú ag Gardaí maidir leis an ionsaí coirloiscthe a rinneadh ar theach cónaithe i gcathair Phort Láirge an tseachtain seo inar maraíodh ceathrar ón teaghlach céanna agus gortaíodh beirt leanaí eile go dona.
Gabhadh an bheirt ar amhras gur chabhraigh siad le drong coireacht eagraithe chun an t-ionsaí a dhéanamh.
Is féidir iad a choiméad agus a cheistiú ar feadh seachtaine.
Maraíodh Kim English, a fear céile Philip English, agus a mbeirt mhac, Callum, a bhí dhá bhliain déag d'aois, agus Jayden, a bhí naoi mbliana, nuair a cuireadh a dteach cónaithe trí thine in eastát Choill na Beithe i ndeisceart chathair Phort Láirge ag thart ar 5 a chlog ar maidin Dé Máirt.
Gortaíodh beirt leanaí eile go han-dona agus tá cóir leighis á chur orthu siúd in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath.
Cuirfear Philip, Kim, Callum agus Jayden English i ndiaidh aifrinn na sochraide i bPort Láirge Dé Luain.
Inniu dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly go bhfuil súil ag na Gardaí tuilleadh daoine a ghabháil mar chuid dá bhfiosrúchán faoin ionsaí tine.
Dúirt an Coimisinéir go mba coir uafásach a bhí ann agus go bhfuil na Gardaí ag déanamh dul chun cinn maith lena bhfiosrúchán.
Tá seacht gcuardach déanta ar thithe sa cheantar.
Dúirt sé go bhfuil faisnéis mhaith ag na Gardaí i bPort Láirge ar bhuíonta coiriúla agus ar na daoine a bhí freagrach as an ionsaí ar theaghlach English.


