Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Stailc na gCeardchumann an tseachtain seo chugainn - ar athló

16 DEIREADH FÓMHAR 2026, 17:32

An stailc a bhí beartaithe ag ceardchumainn na seirbhíse poiblí Dé Céadaoin seo chugainn curtha ar athló
Twitter Facebook

Tá an stailc a bhí beartaithe ag ceardchumainn na seirbhíse poiblí Dé Céadaoin seo chugainn curtha ar athló i ndiaidh cainteanna leis an Rialtas.

Níos luaithe inniu dúirt An Taoiseach, Micheál Martin go raibh go leor idirbheartaíochta ar bun idir an Rialtas agus na Ceardchumainn faoi Chomhaontú nua Pá a aontú don tSeirbhís Phoiblí.

Dúirt Micheál Martin go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag an Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers agus go raibh oifigigh na Roinne i dteagmháil leis na ceardchumainn.

Jack Chambers

Bhí os cionn 300,000 oibrí san earnáil phoiblí, altraí, dochtúirí, múinteoirí, agus státseirbhísigh i mbun stailce ar fud na tíre Dé Céadaoin mar gheall ar aighneas faoi chomhaontú nua pá.

Letterkenny strike

Chuir oibrithe ar fud na tíre picéad ar a gcuid ionad oibre lena míshástacht a chur in iúl faoin tsáinn ina bhfuil idirbheartaíocht faoi chomhaontú nua.

An stailc ba mhó a reachtáladh in Éirinn le nach mór 20 bliain a bhí ann.