Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fillfidh an tAire Cumarsáide ar an obair "nuair is féidir é"

17 DEIREADH FÓMHAR 2026, 12:28

Bhí an tAire O'Donovan san ospidéal ó buaileadh tinn é ag cruinniú Dé Máirt
Twitter Facebook

Fillfidh an tAire Cumarsáide Patrick O'Donovan ar a roinn "chomh luath is a bheidh an chóir leighis nua atá sé a fháil i bhfeidhm i gceart."

Bhí an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt in aonad dianchúraim ospidéal Luimnigh an tseachtain seo ó bhuail tinneas é ag cruinniú de chuid Airí teileachumarsáide an Aontais Eorpaigh in Ollscoil Luimnigh Dé Máirt.

I ráiteas a heisíodh ar shon a theaghlaigh, dúradh go bhfuil foireann leighis Ospidéal Ollscoile Luimnigh ag obair lena chinntiú go mbeadh ar a chumas filleadh ar a Roinn chomh luath is a bheidh an chóir leighis nua socraithe síos agus i bhfeidhm.

Dúirt a chlann sa ráiteas gur "ardú croí an tacaíocht atá léirithe ag a chomhghleacaithe dá shaothar fhada ag bord an Rialtais."

Cuireadh cóir leighis san ospidéal ar Patrick O’Donovan i rith an tsamhraidh nuair a d'éirigh sé tinn sa Bhruiséil.

Tá sé ráite roimhe seo ag an Teachta de chuid Fhine Gael as an Chaisleán Nua Thiar i gCo. Luimnigh go bhfuil an galar titeamas air.