Tugadh fear 32 bliain d'aois os comhair cúirte ar maidin agus é cúisithe as Mark Cullen a dhúnmharú i nDún Laoghaire i ndeisceart Bhaile Átha Cliath i mí Iúil.
Maraíodh Mark Cullen, a bhí 39 bliain d'aois agus a raibh triúr páiste aige, nuair a caitheadh é i bPáirc Phádraig ar Ascaill na Cille i Dún Laoghaire ar an 5 Iúil.
Ba as an tSeanchill i ndeisceart na cathrach dó.
Tugadh Edward Andrews, as Radharc na Farraige, i mbaile Chill Mhantáin os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus cuireadh dúnmharú Mark Cullen ina leith.
Sa chúirt ar maidin dúirt an dlíodóir Edward Bradbury gurb é aturnae Edward Andrews é de ghnáth, ach "nach mbeadh sé páirteach in imeachtaí na cúirte" mar gheall ar an easaontas atá ar bun idir dlíodóirí agus an tAire Dlí is Cirt faoi láthair maidir le scéim nua táillí dlí do chúnamh dlí saor in aisce.
Dúirt Edward Bradbury go mbaineann a chinneadh "le diúltú an Aire Jim O'Callaghan dul i mbun cainte le Dlíchumann na hÉireann."
Chualathas sa chúirt gur fhreagair Edward Andrews "tada le rá" nuair a cúisíodh é aréir as Mark Cullen a dhúnmharú.
Dúirt sé leis an chúirt ar maidin nach bhfuil sé ag obair agus go bhfuil sé ag fáil sochar leasa shóisialaí.
Dúirt an Breitheamh John Hughes go gceadódh sé teastas cúnaimh dlí dó agus gur faoi féin a bheadh sé aturnae a aimsiú atá ar an phainéal cúnaimh dlí saor in aisce.
Cuireadh Edward Andrews siar faoi choinneáil agus tiocfaidh sé os comhair na cúirte arís Dé hAoine seo chugainn.


