Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cruinnithe tosaithe faoi leagan amach cainteanna pá

17 DEIREADH FÓMHAR 2026, 12:03

Chuaigh níos mó ná 300,000 oibrí san earnáil phoiblí i mbun stailce Dé Céadaoine faoin mhoill comhaontú nua pá a shocrú.
Twitter Facebook

Cuireadh tús le cruinnithe ar maidin le súil leagan amach a aontú do na cainteanna maidir le pá san earnáil phoiblí.

Inné d'fhógair na ceardchumainn go raibh na stailceanna aon lae a bhí beartaithe acu don Chéadaoin seo chugainn, curth ar ceal agus go raibh Kevin Foley le ceann a chur ar phlé a bheidh ina bhunús le cainteanna foirmeálta faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Tá daoine ar an dá thaobh de na cainteanna cúramach faoi aon tuairim a nochtadh a bhéarfadh le fios go ndéanfar fógra cinnte faoi na cainteanna as seo go hoíche Dhomhnaigh.

Páirteach sna comhráití le Kevin Foley, ar iar chathaoirleach ar an Chúirt Oibreachais agus cathaoirleach reatha an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre é, beidh ionadaí amháin ceardchumainn - Ardrúnaí Chomhdháil na gCeardchumann Owen Reidy - agus ionadaí amháin Rialtais, sin Ardrúnaí na Roinne Comhshaoil Oonagh Buckley.

Is ar an ghuthán a bheidh na comhráití tosaigh ag tarlú.

Tuigtear go gcuirfear na 19 ceardchumann a bhí páirteach sa ghníomhaíocht thionsclaíoch go dtí seo, ar an eolas i rith an lae de réir mar a leanfaidh na comhráití ar aghaidh