Preas
Clár Faisnéise faoi Chlann na nGael agus Comórtas Peile na Gaeltachta 2025 ar TG4 Lá Fhéile Stiofáin
11.12.25
Clann na nGael
![]() |
![]() |
![]() |
Beidh clár faisnéise nua Clann na nGael ar TG4 Lá Fhéile Stiofáin, an 26 Nollaig, ag 19:15. Déantar ceiliúradh sa chlár seo ar cheann de na himeachtaí spóirt agus sóisialta is mó i bhféilire na Gaeltachta – Comórtas Peile na Gaeltachta. Tá fás agus forbairt tagtha ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, a reáchtáladh an chéad lá riamh in 1969, ó bheith ina chomórtas beag pobail go dtí ceann de na himeachtaí bliantúla is mó do chlubanna CLG. Tugann sé clubanna Gaeltachta agus pobail Ghaeltachta ar fud na tíre le chéile d’fhéile pheile, chultúir agus oidhreachta chomhroinnte.
Le linn dheireadh seachtaine saoire bainc mhí an Mheithimh 2025, ba ag Cumann Peile Chlann na nGael Ráth Chairn agus Áth Buí i nGaeltacht na Mí a bhí an onóir an comórtas a reáchtáil den dara huair, an chéad uair acu ag reáchtáil chomórtais ansin ó 1993. Tá athrú mór tagtha ar an gcomórtas le tríocha bliain agus tá méadú ollmhór tagtha ar an gcomórtas ó thaobh scála de agus é anois ar cheann de phríomhchomórtais bhliantúla Chumann Lúthchleas Gael. Ba chúis ríméid freisin é Comórtas na bliana seo don phobal áitiúil agus iad ag ceiliúradh 90 bliain ó bunaíodh Gaeltacht na Mí, pobal uathúil de chainteoirí Gaeilge i gcroílár Laighean.
Leantar na peileadóirí, na bainisteoirí agus an lucht leanúna sa gclár faisnéise seo agus iad ag iarraidh an beart a dhéanamh agus a n-áit féin a bhaint amach i mbéaloideas spóirt na Gaeltachta. Áirítear ar na foirne a bheidh le feiceáil sa gclár faisnéise seo, foirne fear agus ban Chlann na nGael, foirne na Ceathrún Rua agus Ghráinne Mhaoil ó Ghaillimh, chomh maith le foireann ban Laochra Loch Lao ó Bhéal Feirste. Cuirfidh an lucht féachana aithne freisin ar lucht eagraithe díograiseach chumann Chlann na nGael a bhfuil obair na gcapall déanta acu lena chinntiú go gcuirtear an ócáid mhór chultúir agus spórt seo i gcrích le mórtas, díograis agus fíordheimhneacht.
Rannpháirtithe: Aonghus Ó Flatharta, Síofra Ní Loinsigh, Eamonn Óg Mac Donnchadha, Cathal Seoighe, Shane Ó Suilleabháin agus James Ó Flatharta
Aniar TV a léirigh Clann na nGael do TG4.



