Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fiontraí agus fear gnó Martin Naughton tar éis bháis

04 IÚIL 2026, 18:01

Martin Naughton
Twitter Facebook

Tá an fear gnó agus an fiontraí Éireannach,Martin Naughton tar éis bháis.

Bhí sé 87.

Ba é a bhunaigh an comhlacht Glen Dimplex.

Thall i gcathair Seattle i Meiriceá a buaileadh síos tinn é, áit a raibh sé féin agus a bhean Carmel i mbun taistil.

Ba ó Chontae Lú Martin Naughton ó dhúchas.

Bhunaigh sé Glen Electric san Iúr i gContae an Dúin i 1973 agus d'eascraigh an Grúpa Glen Dimplex as sin i 1977.

Bhí sé ina uachtarán ar an ghrúpa gur éirigh sé as i 2016.

'Fiontraí den scoth agus saoránach cineálta atruach a bhí ann' an cur síos a bhí ag an gCeann Comhairle,Verona Murphy air.

Fuair sé an deá-mholadh freisin ó Phríomhfheidhmeannach an cheardchumainn IBEC,Danny McCoy agus ó Choláiste na Tríonóide,Baile Átha Cliath.