Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cuireadh craobh eile le crann duaiseanna TG4 ar dá shaothar digiteach aréir nuair a bronnadh Gradam Gnó as Gaeilge air ag duais-bhronnadh All-Ireland Marketing Awards  i mBaile Átha Cliath.

Duais mhór Mhargaíochta ag Aipeanna Cúlacaint

15.05.15

Is as an tsraith trí Aip  Cúlacaint   a bronnadh an duais aitheantais seo ar TG4 agus é in iomaíocht le scoth an tsaothair eile i nGaeilge a bhí curtha isteach ag Google Ireland, Independent News & Media, RTÉ – Nuacht agus Tesco Ireland.

Thuill na hAipeanna seo ard-mholadh go minic cheana as a nuálaíocht, a siamsaíocht agus as a mealltacht do pháistí óga (agus foghlaimeoirí eile níos sine) atá ag iarraidh cur lena stór focal Gaeilge.  Cuirtear cruinn-fhocail i láthair le cabhair pictiúir agus guthú soiléir ó bhéal páiste ar fhoghraíocht chruinn an fhocail.   Deir tuismitheoirí agus múinteoirí go spreagann na hAipeanna suim agus fiosracht na bhfoghlaimeoirí óga agus gur mór an chabhair iad ar mhórán bealach.

Is iad na All Ireland Marketing Awards an duais-scéim is aitheanta agus is mó sa tír d’earnáil na margaíochta.  Institiúid Margaíochta na hÉireann a eagraíonn an comórtas bliantúil  agus tá an-tóir ar na duaiseanna.

Deir Pádraic Ó Ráighne, Feidhmeannach Margaíochta TG4,  gur ábhar mórtais agus sásaimh ar leith an duais is deireanaí seo do na hAipeanna.  “Tugann gach duais ardú croí dúinn” a dúirt sé “ach is díol suntais ar leith gur i TG4 féin a cruthaíodh agus a léiríodh na hAipeanna seo agus gur ar fhoghlaimeoirí óga Gaeilge atá siad ag freastal.   Bhí  a fhios againn féin go raibh siad ar ard-chaighdeán agus dheimhnigh úsáideoirí sin dúinn.  Cuireann an duais seo ó lucht margaíochta an dlaoi mhullaigh ar an aitheantas sin.”

Is féidir an Aip a íoslódáil anseo: https://itunes.apple.com/ie/app/id732915380

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: