Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

TG4 Foghlaim

TG4 Foghlaim

Is acmhainn nua oideachais chlosamhairc é TG4 Foghlaim atá curtha in oiriúint do riachtanais dhaltaí iarbhunscoile agus iad ag ullmhú do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta, ach is féidir le foghlaimeoirí ag leibhéal ar bith an t-ábhar a úsáid lena gcuid scileanna teanga a fhorbairt.

Ag tús gach seachtaine i rith na scoilbhliana, beidh fáil anseo ar chleachtaí nua atá bunaithe ar mhíreanna físe ó scoth na gclár ar TG4. Tá na ceachtanna féin bunaithe ar thopaicí an tsiollabais Ardteistiméireachta agus ar fáil saor in aisce.

Tá ábhar ranga ar leith ar fáil do lucht teagaisc ach clárú linn anseo.

Tá na scéalta is déanaí uainne ar fáil ar Twitter agus Facebook.

Tá áiseanna úsáideacha eile do fhoghlaim na Gaeilge ar fáil ar shuíomhanna VIFAX, Tuairisc.ie, COGG, an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus Ceacht.ie.

Tá liostaí téarmaí a bhaineann le cúrsaí aimsire, le go mbeidh tú in ann taitneamh agus tairbhe a bhaint as cláir TG4 cibé cén leibhéal Gaeilge atá agat.

Léargas ar TG4 Foghlaim

Seoladh TG4 Foghlaim 03.02.2017

Ceisteanna agus freagraí leis an bhfile Pádraig Mac Suibhne