Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bhuaigh an clár faisnéise agus drámaíochta, Eoin Mac Néill, Fear Dearmadta 1916 a choimisiúnaigh TG4, an príomh-dhuais, “Spiorad na Féile” tráthnóna ag Féile na Meán Ceilteach 2017 a tháinig chun deiridh i nDúghlas, Oileáin Mhanann. Is í seo an duais is airde ar fad ag an bhFéile agus bronntar í ar an gclár is fearr i dteanga Cheilteach. Bhí an duais don Chlár Staire is Fearr buaite ag an saothar seo inné ag an bhFéile.

Príomh-dhuais na Féile Ceiltigh buaite ag clár ar Eoin Mac Néill

05.05.17

Clár faisnéise faoin scoláire, údar, polaiteoir agus athbheochanóir é seo, fear a d’fhág rian a láimhe ar mhórán gnéithe de thréimhse chinniúnach i stair na tíre. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge in 1893 agus lárnach san Athbheochan as sin amach. Sa bhliain 1913, scríobh sé alt sa gClaidheamh Solais, iris an Chonartha, as ar bunaíodh Óglaigh na hÉireann, buíon a raibh sé ina Cheann Foirne uirthi ina dhiaidh sin. An oíche roimh Éirí Amach na Cásca 1916 d’eisigh sé freasordú ag cur an Éirí Amach ar ceal, cinneadh a lean é go bás. Féachtar sa chlár seo ar a shaol ildánach agus ar an tionchar a bhí ag an gCogadh Cathartha ar a mhuintir agus an t-údar a cheap sé Éirí Amach na Cásca a chur ar ceal.
Is é an comhlacht neamhspleách léiriúcháin, Doubleband Films a léirigh an clár seo ar choimisiún ó TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann agus fuair an togra maoiniú freisin ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge ansin.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi mheasúnú ó ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús. Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta. Bhí Féile na bliana seo, an 38ú ceann go dtí seo, ar bun i nDúghlas, Manainn, ó lár na seachtaine den chéad uair (www.celticmediafestival.co.uk). Is é “Spiorad na Féile” an duais is airde agus is gradamúla ar fad mar gur ar an saothar is fearr i dteanga Cheilteach a bronntar í.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go gcuireann an mórdhuais idirnáisiúnta seo an dlaoi mhullaigh ar an aitheantas atá faighte cheana féin ag an gclár seo. “Thuigeamar ón tús gur clár speisialta a bheadh anseo” a dúirt sé. “Feicimid anois go raibh an meas céanna air ag ár gcomhghleacaithe Ceilteacha, rud nach gcuireann aon iontas orainn ach a thugann sásamh ar leith dúinn freisin”.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, PR TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: