Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Amhránaithe as Múscraí agus Oirialla agus Banna Píb Mhontgomery aitheanta freisin
Ceolchoirm an Ghradaim le beochraoladh as Béal Feirste 2018-2021

Gradam Ceoil TG4 2018 le bronnadh ar Frankie Gavin

20.11.17

Is ar Frankie Gavin, an ceoltóir aitheanta as Cor an Dola na Gaillimhe a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2018 san Earrach.  Fógraíodh na Gradamóirí is deireanaí ag ócáid i Halla na Cathrach i mBéal Feirste tráthnóna. Deimhníodh freisin gur sa gcathair sin, in ionad cáiliúil an Waterfront, a bhéas Duaisbhronnadh agus Ceolchoirm bheochraolta an Ghradaim go ceann cheithre bliana feasta.

Tá cáil i bhfad is i ngearr ar Frankie Gavin le breis is dhá scór bliain mar cheoltóir cumasach le De Danann, mar fhidléir meidhreach ceolmhar, mar mháistir ar an bhfeadóg mhór agus mar shaineolaí ar luath-thaifeadtaí an cheoil Ghaelaigh i Meiriceá Thuaidh ag tús na haoise seo caite.  Ar na Gradamóirí eile, tá amhránaí binn as Múscraí, ceoltóir óg as Albain de bhunadh na gConallach, saineolaí ar thraidisiún amhrán Oirialla, fear as Ros Comáin a bhfuil a shaol caite aige ag cur ceol an cheantair sin chun tosaigh agus Gradam Speisialta do bhanna píb a bhfuil duaiseanna náisiúnta agus domhanda go leor buaite aige le scór go leith bliain anuas.

Seo liosta iomlán Ghradamóirí 2018:

  • Gradam Ceoil – Frankie Gavin
  • Ceoltóir Óg – Clare Friel
  • Gradam Saoil – Patsy Hanly
  • Amhránaí na Bliana – Máire Ní Chéileachair   
  • Gradam Comaoine – Pádraigín Ní Uallacháin
  • Gradam Comharcheoil – CONCERT cruthaigh ag Colin Dunne le Sinéad Rushe agus Mel Mercier
  • Gradam Speisialta – The Field Marshal Montgomery Pipe Band

(Tá nóta beathaisnéise/cúlra gach Gradamóra ar fáil ag www.tg4.ie/gradam)

Is coiste neamhspleách a roghnaíonn na Gradamóirí.  Faigheann siad duais bheag airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll.   Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh beochraolta ón Waterfront i mBéal Feirste ar an Domhnach 4 Feabhra 2018, á chur i láthair Páidí Ó Lionáird agus Gráinne McElwain.    Beidh scoth na gceoltóirí ar an stáitse an oíche le hais na nGradamóirí agus beidh a sonraí siúd á bhfógairt go luath.

Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha gur “ábhar ceiliúrtha agus gairdis ar leith é Gradam Ceoil TG4 agus muid ag clabhsúr ár gcomóradh Fiche Bliain.   Tugann an ócáid deis dúinn, i láthair a gcairde féin agus trí mheán na teilifíse agus an Idirlín, ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha a shaibhríonn ár saol agus a mhaisíonn ár n-oidhreacht luachmhar cheoil.”

Thréaslaigh Ardmhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Nuala McAllister, na Gradaim leo sin ar a mbronnfar iad san Earrach agus d’fháiltigh roimh chinneadh TG4 an ócáid seo a thabhairt go Béal Feirste den chéad uair agus ar feadh cheithre bliana.  Chuirfeadh seo go mór leis an iarracht í a bheith mar Chathair Cultúrtha na hEorpa 2023, a dúirt sí.

Tá ticéid do Dhuaisbhronnadh/Ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 2018 ar fáil, praghas £25 www.waterfront.co.uk  nó   +44(0)2890 334455.
Breis eolais  ag  www.gradam.ie   Facebook  nó Twitter @gradamceoil       #GCTG4

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4, – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: