Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Na figiúirí féachana is airde fós ag Cluiche Ceannais Pheil na mBan ar TG4

Na figiúirí féachana is airde fós ag Cluiche Ceannais Pheil na mBan ar TG4

25.10.17

Ní amháin gur sháraigh an lucht féachana i bPáirc an Chrócaigh féin do chluichí an lae inné an curiarracht dá leithéid (46,286), an tinreamh is airde ar aon imeacht spóirt na mban san Eoraip i mbliana, ach bhí dea-scéala féachana teilifíse ann do TG4 féin freisin.

D’fhéach meán 303,800 duine ar an mbeochraoladh teilifíse ar an gCluiche Ceannais Sinsear idir Áth Cliath agus Maigh Eo inné, an figiúir is airde féachana ar an gCluiche Ceannais Craoibhe seo riamh ar an gcainéal ó tosaíodh ar bheochraoladh air sa mbliain 2001.

Bhí aimsiú go maith ós cionn leath-mhilliún duine ar fad (563,000) ag an gcluiche seo agus scair fhéachana 40% ag an gcainéal dá réir.

Bhí buaic 409,700 duine sa lucht féachana ag an gcluiche ag 5.24pm agus foireann Átha Cliath ag buachan na craoibhe.

Is é TG4 urra agus craoltóir eisiach teilifíse na gCraobhacha seo le sé bliana déag anois.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont torthaí stairiúla an lae inné le Cumann Peil Gael na mBan agus dúirt gur cruthúnas iad ar an obair iontach atá déanta aige ar son na peile. “Is páirtíocht ar leith an caidreamh fad-bhunaithe idir TG4 agus an Cumann,” a dúirt sé “agus táimid cinnte gur féidir linn, le chéile, níos mó fós a bhaint amach.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, PR TG4, – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Rónán Ó Coisdealbha, Sports Editor, TG4 – 087 2472841, sport@tg4.ie

Cuir aithne orainn: