Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le TG4, inniu (Dé hAoine, 9 Meitheamh 2017) go mbeo-chraolfar clár  nua, Lár Stáitse  a bheidh dírithe ar thaibh-ealaíona daoine óga ó Oireachtas na Samhna na bliana seo.  Beidh an spotsholas ar ealaín an agallaimh bheirte sa chlár agus craolfar babhta craoibhe  an aoisghrúpa 12 – 15 bliana chomh maith le roinnt iomaitheoirí ó chomórtais agus aoisghrúpaí eile, ina measc, aithriseoireacht, scéalaíocht agus lúibíní.

Sceideal Craolta TG4 ó Oireachtas na Samhna 2017 fógartha

09.06.17

“Tá ríméad orainn an t-ardán nua seo a bheith á thabhairt ag TG4 do na healaíona béil traidisiúnta”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.  “Is cuid fíor-thábhachtach iad dár n-oidhreacht cultúir agus teanga, agus feithicil luachmhar do shealbhú agus do bhuanú saibhreas Gaeilge i measc daoine óga. Tá súil againn go spreagfaidh an clár nua seo tuilleadh daoine óga le tabhairt faoi na healaíona béil.”

“Is deas linn an fhorbairt is deireanaí seo ar ár gclúdach Oireachtais a bheith dírithe ar an óige” a deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.  “Tugann an saibhreas teanga agus an deisbhéalaíocht a fheictear sna comórtais teanga-bhunaithe don óige,  siamsaíocht don lucht féachana agus spreagann dóchas agus misneach i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá siad tráthúil ar gach bealach.”

Craolfar an clár ar TG4  ar Aoine na féile, 3 Samhain 2017, ó 8.00 p.m. – 9.30 p.m agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain ar an Sheinnteoir TG4 www.tg4.tv

I measc na gcraoltaí beo eile a bheidh ar TG4 le linn Oireachtas na Samhna beidh  Nuacht TG4   trí oíche (Dé Céadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine) agus na príomhchomórtais damhsa ar an sean-nós,  Steip ar Shatharn na Féile. Déanfar sruthú beo ar shuíomh idirlín TG4 ar Oscailt Oifigiúil an Oireachtais, ar Bhronnadh na nGradam Cumarsáide agus ar na comórtais daoine fásta, ina measc, Corn Uí Riada, Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear, Agallamh Beirte, Lúibíní, Amhrán Saothair agus Sceitse.

Is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh Oireachtas na Samhna ar siúl, ó Chéadaoin go Domhnach, 1 -5 Samhain 2017.  Beidh an t-eolas is déanaí ar fáil ar www.antoireachtas.ie idir seo agus an fhéile.

Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid, Oireachtas na Gaeilge             T: 01 4753857         R:louise@antoireachtas.ie

Nótaí don Eagarthóir

  • Is Ceanneagraíocht é An tOireachtas sa réimse, Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán’.
  • Eagraíonn an tOireachtas príomhfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, go bliantúil agus chuimsíonn comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sna taibh-ealaíona traidisiúnta mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsaíochta, spóirt agus dioscúrsa.
  • Tá féilire leathan imeachtaí eile a bhíonn ar siúl ag tráthanna eile den bhliain ag An tOireachtas.
  • Bíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar antoireachtas.ie maidir le himeachtaí uile na heagraíochta.