Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Agus foirneann na Poblachta ag ullmhú don Chraobh Eorpach faoi cheann coicíse, tá comórtas nua spraíúil ar-líne seolta ag TG4 inar féidir le daoine foireann fantasaíochta a roghnú agus duaiseanna deasa a bhuachan má eíríonn leo.  Tig leo a rogha a dhéanamh agus féachaint cé mar a éiríonn leis na himreoirí aonaracha sin le linn an chomórtais.

Peil Fantasaíochta – Comórtas nua TG4 do Lucht Leanta Euro 2016

01.06.16

Níl agat ach seachtain go leith anois le dul san iomaíocht, soar in aisce, t’ainm a chlárú, do chuid imreoirí a roghnú ar d’fhoireann fantasaíochta agus ansin féachaint cé mar a d’éirigh leo, dar leis na saineolaithe.  Dá fheabhas a imríonnn siad, is mó na pointí a thuillfidh siad dod fhoireann.

Tá gach eolas agus treoir ar fáil ag www.tg4.ie/euro2016  Ní foláir d’fhoirne a bheith roghnaithe agus cláraithe roimh 5:00pm ar an Aoine 10 Meitheamh 2016.   Beidh duaiseanna  éagsúla á mbronnadh le linn Euro 2016 agus gheobhaidh buaiteoir an chomórtais seo dearbhán  spóirt €500.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: