Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Neart suíochán le líonadh i mbeochlúdach TG4 ar thorthaí Olltoghcháin 2016

24.02.16

Neart suíochán le líonadh i mbeochlúdach TG4 ar thorthaí Olltoghcháin 2016

Beidh na torthaí ar fad, beo-thuairiscí ó gach ionad comhairimh sa tír, grafaicí soiléire snasta suas chun dáta, agallaimh le hiarrthóirí agus anailís ghéarchúiseach ó pholaiteoirí agus ó thráchtairí eolasacha ar na gnéithe is suntasaí i Vóta 2016, beochlúdach TG4 ar thorthaí an Olltoghcháin, an deireadh seachtaine seo.

Mar is gnách anois ag an gcainéal, mairfidh an beochlúdach seo ó mhoch maidine go deireadh oíche ar an Satharn 27 Feabhra (tús craolta 10am agus clabhsúr 1am) agus arís 10am-1pm ar an Domhnach.

Cuimseofar sa gclár seo, beochlúdach ar na torthaí is úire ó thuairisceoirí TG4 ag gach ionad comhairimh, tráchtaireacht agus anailís ó phainéal eolasach agus achoimrí rialta ar an scéal casta seo – ar bhonn réigiúin agus go náisiúnta.

Is é an craoltóir aitheanta cúrsaí reatha Páidí Ó Lionáird a bheidh sa gcathaoir tríd síos agu meitheal bhreá ina chuideachta, idir thuairisceoirí, iar-Airí (beirt iar-Thánaistí ina measc), feisirí reatha Eorpacha agus thráchtairí – Mary Coughlan,   Alan Dukes, Éamon Gilmore, Tony Killeen, Liadh Ní Riada  agus Seán Kelly maraon leis na tráchtairí Beirní Ní Chuinn, Antoin Delap, Eoghan Ó Neachtáin, Eoin Ó Murchú agus an Dr  Séin Ó Muineacháin.    Beidh iarrthóirí sa toghchán faoi agallamh freisin, dar ndóigh agus iad ag coinneáil súil ghéar ar a gcinniúint féin agus ar an bpictiúr náisiúnta, leithéidí Éamoin Uí Chuív agus Trevor Uí  Chlochartaigh   agus ionadaithe ó pháirtithe agus ó ghrúpaí eile, idir mhór agus bheag.

Le go mbeidh an lucht féachana ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú ar fud na tíre, craolfar achoimrí rialta i bhfoirm grafaicí ar na torthaí ar fad agus ar an bpátrún náisiúnta atá a teacht chun solais (má tá) dar le Maolra Mac Donnacha agus beidh achoimre bheacht ar fáil freisin sna ceannlínte nuachta a bheidh ag Eimear Ní Chonaola dúinn ar bhuille gach uair an chloig.

Más mian leat a bheith ar an eolas, seo an clár duit agus tig leat freisin teacht i dteagmháil linn agus do thuairim a nochtadh le linn an bheo-chraolta;

Twitter @7LaTG4  #Vota2016

Facebook https://www.facebook.com/7LATG4