Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá forbairt shuntasach déanta i soláthar Gaeilge TG4 do pháistí le seoladh an aip nua,  Seinnteoir Cúla4, ag Oireachtas na Gaeilge 2016 i gCill Airne ag an deireadh seachtaine.

Aip nua Seinnteoir iOS ag Cúla4

05.11.16

Tá forbairt shuntasach déanta i soláthar Gaeilge TG4 do pháistí le seoladh an aip nua,  Seinnteoir Cúla4, ag Oireachtas na Gaeilge 2016 i gCill Airne ag an deireadh seachtaine.

Tá sé in oiriúint do ghairis iOS (iPhone, iPad agus iPod) agus deis don lucht féachana breathnú ar chláir Cúla4 aon uair den lá no den oíche, de réir mar a oireann dóibh (agus dá dtuismitheoirí).  Tá suas le 200 clár ar fáil ar an Aip, ina measc, cartúin mar Dennis & Gnasher, Peg & Cat, agus Masha agus an Béar mar aon le hábhar nua choimisiúnaithe bunaidh Gaeilge mar Is Eolaí Mé agus Na Dúlradóirí agus míreanna nua-chruthaithe eile faoi na teidil Cluichí, Spórt agus Ceardaíocht.

Tá dhá rannóg ar an aip,   ceann amháin ina bhfuil ábhar don lucht féachana faoi  bhun 6 bliana d’aois agus an rannóg eile don lucht féachana atá níos sine na sin.

Faoi mar is gnách le hábhar teilifíse,  de réir na socraithe maidir le cearta, bíonn iomlán an ábhair ar fáil don lucht féachana in Éirinn.  Ach ainneoin roinnt srianta orthu, tá raon leathan den ábhar ar an aip seo ar fáil chomh maith don lucht féachana ar fud na cruinne.

Tá an aip nua seo ar fáil le íoslódáil saor in aisce ón App store. (cuardaigh “Cula4”.  Dóibh siúd a bhaineann leas as gairis Android, is féidir theacht ar ábhar seo ar fad ar Shuíomh Gréasáin Cúla4: http://www.cula4.com/ga/shows).

Deir Stiúrthóir Aschuir TG4, Lís Ní Dhálaigh go bhfuil tábhacht ar leith leis an bhforbairt seo.  “Cinntíonn an aip nua  go bhfuil TG4 ag cur leis an tseirbhís atá á soláthar ag TG4 don óige ar fud na tíre agus an domhain, Déanann an aip freastal ar na nósanna féachana ilárdán atá ag an lucht anois ag an dream óg agus deimhníonn sé go bhfuil ábhar Gaeilge ar fáil agus lárnach ar gach árdán. Is deas linn freisin gur seoladh seo ag an Oireachtas, tionól mór na Gaeilge, mar chuid dár gceiliúradh 20 Bliain.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877