Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá áis nua fhísiúil ar fáil anois do dhaltaí iarbhunscoile atá ag ullmhú do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta.

TG4 Foghlaim – Áis nua do dhaltaí Gaeilge Ardteiste

24.10.16

Tá áis nua fhísiúil ar fáil anois do dhaltaí iarbhunscoile atá ag ullmhú do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta.  Ag Tionól Teagaisc an deireadh seachtaine seo caite a seoladh TG4 Foghlaim le múinteoirí Gaeilge na tíre a chur ar an eolas faoina bhfuil ar tairiscint ann dóibh: acmhainn nua oideachais chlosamhairc atá curtha in oiriúint go háirithe do riachtanais na hArdteistiméireachta.  Is féidir le foghlaimeoirí ag leibhéal ar bith an t-ábhar seo a úsáid lena gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt.  Tá an acmhainn seo ar fáil saor in aisce do dhaltaí agus d’fhoghlaimeoirí eile in Éirinn agus ar fud an domhain.

Is furasta an suíomh gréasáin nua a úsáid agus beidh ábhar nua á chur ar fáil ann go leanúnach: Ag tús gach seachtaine i rith na scoilbhliana cuirfear suas cleachtaí nua atá bunaithe ar mhíreanna físe ó scoth na gclár ar TG4. Tá na ceachtanna féin bunaithe ar thopaicí an tSiollabais Ardteistiméireachta agus ar fáil saor in aisce.

Beidh léiriú físiúil ar bhrí liteartha agus mheafarach na ndánta atá ar an Siollabas  ar fáil ann freisin.

Comhpháirtíocht idir TG4 agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an togra seo agus tá súil go rachaidh sé chun tairbhe do dhaltaí agus do mhúinteoirí freisin.

Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, go bhfuil an togra seo curtha le chéile mar thoradh ar iarratais go leor atá déanta ag múinteoirí (agus a gcuid daltaí) ar an gcainéal le beagán blianta.  “Agus muid ag teannadh le Breithlá 20 TG4 an tseachtain seo chugainn,” a dúirt sé, “is cóir agus is deas linn togra oideachasúil mar seo a sheoladh mar chruthúnas eile ar an leas poiblí a dhéanann TG4 ag cur na Gaeilge chun cinn ar fud na cruinne.”

Tá ábhar ranga ar leith ar fáil do lucht teagaisc ach clárú anseo.

Tá na scéalta is déanaí ar fáil ar Twitter @TG4Foghlaim agus Facebook agus tá breise eolais ar fáil anseo ar TG4 Foghlaim

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877