Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is cúis áthais do TG4 agus don  Chomhairle Ealaíon i gcomhar le Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe ocht ngearrscannán nua-choimisiúnaithe  a fhógairt le ceiliúradh ealaíonta a dhéanamh ar 2016  le séasúr speisialta Splanc!.   Is tionsnamh faisnéise trí mheán na Gaeilge é Splanc ! a thugann tacaíocht do thograí scannán  ina ndéantar tochailt chruthaitheach ar na healaíona in Éirinn agus léargas físiúil spreagúil orthu.

Splanc!

01.02.16

Piocadh na saothair don séasúr nua  le dian-phróiseas roghnúcháin agus  seo iad (agus a léiritheoirí): Solas Céad Bliain le Tadhg O’ Sullivan, iniúchadh ar an solas mar mhóitíf ag ealaíontóirí na hÉireann; Oíche Nollag na mBan – cóiriú fisiúil ar dhán clúiteach Sheáin Uí Ríordáin, Bungalow Bliss, le Fergal Ward agus Adrian Duncan – athbhreithniú ar  an sórt seo ailtireachta tí in Éirinn; Ailiu Iarth na n-hErend le Dónal Ó Céilleachair, an chéad dán Gaeilge  riamh,  deirtear leis an bhfile Aimhirgin; Allagóirí Chumhachta, le Megs Morley agus Tom Flanagan, súil ar thábhacht na ndealbh cloiche a thugann stair polaitiúil na hÉirean chun cuimhne;  Idir Neamh agus Talamh: Saothar William McKeown, léargas  an scannánóra Pat Collins air; Imogen Stuart Dealbhóir  léiriú Sharon Wooley ar shaothar an dealbhóra:  Souvenir Shop scannán Airt Uí Bhriain  ar an taispeántas spraoiúl le Rita Duffy.

Gearrscannáin iad seo ar fad, 3-5 nóiméad ar bhuiséad léirithe €12,500 an ceann. Craolfaidh TG4 iad ó dheireadh seachtaine na Cásca 2016  ar aghaidh, mar scannáin aonaracha ar dtús agus mar shaothar fada amháin, uair an chloig, ina dhiaidh sin.  Tá an scéim á riaradh ag Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe ar son TG4 agus na Comhairle Ealaíon.

Dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 “Is cuid lárnach iad na scannáin seo d’iarracht nuálach TG4 comóradh a dhéanamh ar chéad bliain d’fhás an náisiúin. Tá ríméad orainn an rogha leathan scannán seo a chruthú agus a chur i láthair an phobail,  léargas físiúil ar an ngaol gar casta atá againn  leis na healaíona agus a dtábhacht inár saol laethúil.  Tá  an tsúil eile ag oibriú iontu ar fad.”

Dúirt Fionnuala Sweeney, Ceannasaí Scannáin leis an An gComhairle Ealaíon: “Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon tacú le léiriú na scannán seo.  Tugann gach ceann acu a spléachadh féin ar ghné ar leith de na healaíona in Éirinn.  Mar aonad, tugann siad deis don phobal dul i ngleic ar bhealach eisiach le hoidhreacht 1916 tríd na n-ealaíona.”

Deir Declan Gibbons, Bainisteoir, Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe: “Is  ardú croí dúinn caighdeán agus cáil na ndéantóirí scannán a rinne iarratas ar an scéim seo agus tá áthas orainn gur roghnaíodh ochtar a bhfuil cumas agus scil ar leith léirithe acu i réimsí leathan na              n-ealaíona.”

Breis eolais, ach teagmháil a dhéanamh le:

Linda Ní Ghríofa, 091 505050
Declan Gibbons, 091 770748