Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Niall Hanna – Amhránaí na Bliana

Athfhriotal

Is é Niall Hanna, as Derrytresk, Co. Thír Eoghain, Amhránaí na Bliana seo. Ba sa bhaile ar bhruach Loch nEathach a chuir Niall tús lena aistear ceoil agus gan ann ach buachaillín óg. Tumadh é in amhráin, scéalta agus ceol an cheantair sin ó bhí sé an-óg – rinne a sheanathair Geordie Hanna, deirfiúr Geordie, Sarah Anne O’Neill agus muintireacha Hanna agus O’Neill uile cinnte de sin. Le hoidhreacht láidir ceoil óna mhuintir mar bhonn taca aige, ghlac Niall go fonnmhar le stór amhrán traidisiúnta Uladh i gcoitinne, fad a bhí sé ag cur leis an gcumas a bhí ann amhráin a chumadh chomh maith. Téann mórtas áite agus mórtas muintire go mór i gcion ar cheol Niall, agus tríd a shaothar aonair agus na tionscadail éagsúla ceoil ina mbíonn sé páirteach, bíonn ceol agus amhránaíocht Uladh á gcur chun cinn aige os comhair lucht féachana agus éisteacha níos leithne in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir.