Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Angelina Carberry – Ceoltóir na Bliana

Athfhriotal

Is ceoltóir bainseó í Angelina Carberry a rugadh agus a tógadh i Manchain Shasana. Tá cáil an cheoil ar mhuintir Carberry agus is de bhunadh Chontae an Longfoirt iad ó dhúchas. Thosaigh sí ag casadh a cuid ceoil ar an bhfeadóg stáin nuair a bhí sí an-óg ach is gearr gur thug sí faoin mbainseó, agus tá cáil bainte amach aici ar an uirlis sin. Tá traidisiún an cheoil i muintir Carberry leis na glúnta. Chasadh a sin-seanathair Peter an mileoidean agus bhíodh a sin-seanmháthair ag portaireacht ceol traidisiúnta dár garpháistí in “The Holla” in aice le Caonach i gCo. an Longfoirt. Chasadh a seanathair Kevin an bainseó do chéilithe i gCo. an Longfoirt agus ag damhsaí tí lena dheartháir Peter a chas an phíb uilleann. Casann a hathair Peter an bosca ceoil agus an bainseó freisin agus bhunaigh sé roinnt grúpaí ceoil traidisiúnta i Manchain Shasana – Toss The Feathers, Skidoo & Good Tradition.

Chas Angelina ceol leis an ngrúpa ceoil “The Bumblebees” tráth agus thaifead sí dhá dhlúthdhiosca leo. I 1998 d’aistrigh Angelina go Gaillimh agus is gearr go raibh sí sáite i saol an cheoil ann. Rinne sí taifeadadh lena hathair Peter faoin teideal “Memories of the Holla” agus bhí an-tóir ar an taifead sin. Rinne sí taifead leis na boscadóirí Martin Quinn agus Dan Brouder freisin, chomh maith le dhá thaifead aonair “An Traidisiún Beo” & “Pluckin’ Good”. Tá stíl an-aitheanta ag Angelina ar an mbainseó. Tá rithim iontach ina cuid ceoil agus bíonn gach nóta soiléir agus croíúil. Roghnaíodh Angelina do Ghradam TG4 mar gheall ar an méid atá bainte amach aici agus as an méid atá déanta aici chun ceol a chur chun cinn i Manchain, a cathair dúchais, mar aon leis an méid atá déanta aici chun an bainseó a chur chun cinn sa cheol traidisiúnta, agus an méid atá déanta aici chun ceol na mban a chur i láthair an phobail. Go mba fada buan í!