Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Gan cumas, dúthracht agus díograis ár gceoltóirí óga, is beag a bheadh i ndán don cheol Gaelach sna blianta amach romhainn. D’aithin Gradam Ceoil TG4 é seo ón tús agus tá Gradam don Cheoltóir Óg bronnta ar oirfidigh ó cheann ceann na tíre, sampla beag de na mílte ógánach ar a bhfuilimid ag brath chun an ceol a sheachadadh chuig an gcéad ghlúin eile.

Ceoltóir Óg TG4

“Bronnadh Gradam an Cheoltóra Óig orm i 1998. Bhí me díreach i ndiaidh albam a eisiúint le Síona, grúpa ceoltóirí óga ó Shligeach agus ó Liatroim. Chuir se iontas mór orm a bheith roghnaithe don Ghradam seo. Ba mhór an onóir é agus rud ab ea é nach dtarlóidh ach uair amháin i do shaol.” June Nic Cormaic

  • 1998 – June Nic Cormaic, Co. Shligigh
  • 1999 – Aogán Ó Loingsigh, Corcaigh
  • 2000 – Méabh O’Hare, Béal Feirste
  • 2001 – Conor McKeon, Baile Átha Cliath
  • 2002 – Liam O’Connor, Baile Átha Cliath
  • 2003 – Ciarán Ó Maonaigh, Dún na nGall
  • 2004 – Edel Fox, Co. an Chláir
  • 2005 – Seán McKeon, Baile Átha Cliath
  • 2006 – Michelle Mulcahy, Co. Luimnigh
  • 2007 – Fiachna Ó Mongáin, Co. Mhaigh Eo
  • 2008 – Martin Tourish, Co. Dún na nGall
  • 2009 – Conor McEvoy, Co. na Mí
  • 2010 – Aiden O’Donnell, Co. Dún na nGall
  • 2011 – Pádraic Keane, Co. na Gaillimhe
  • 2012 – Caoimhín Ó Fearghail, Co. Phort Láirge
  • 2013 – Dónal McCague, Co. Mhuineachán
  • 2014 – Bryan O’Leary, Co. Ciarraí
  • 2015 – Maitiú Ó Casaide, Baile Átha Cliath
  • 2016 – Órlaith McAuliffe, Londain
  • 2017 – Liam O’Brien, Co. Chláir
  • 2018 – Clare Friel, Co. Dún na nGall
  • 2019 – Conor Connolly, Co. na Gaillimhe
  • 2020 – Sharon Howley, Co. an Chláir